Oidhreacht na hAfraice beo i Meiriceá
Tá cúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe go mór mór i mbéal an phobail faoi lathair. Dar ndóigh le linn 2020 tá ceisteanna faoi ciníochas lárnach fósta.
Tá stair fada, nimhneach agus diúltach thall ansin go háirithe ‘is muid ag plé faoi daoine gorma. Ach tá scéal baint leo nach bhfuil i mbéal an phobail anseo, nó fiú ansin. Scéal dearfach agus spreaguil. Scéal faoin daoine gorma ar imeallbhord Florida, Georgia agus Carolina Theas agus na hóilean ansin, nó an Muintir ‘Gullah’.
Tosaíonn an scéal faoi na Gullah (nó ‘Geechee’) le linn an Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe. Dar ndóigh le linn an Antebellum bhí siad ina sclábhaithe, ach nuair a bhain siad saoirse amach bhí siad ina aonar.
Seo mar d’imigh na úinéirí plandálacha (nó ‘Plantation Owners’) le linn an Cogadh de bharr brú ón US Navy agus níor tháinig siad, nó aon daoine geala, ar ais tar éis an Cogadh chuig an imeallbhord ansin nó na hóilean.
Mar seo, bhí Muintir Gullah ábalta féinaitheantas a fhorbairt gan aon tionchair eile. D’fhorbair siad teanga (meascán teangacha Afracacha agus Béarla) agus bhí siad ábalta sean-nósanna agus seantraidisiúin a choinnéail agus a chaomhnú.
“Gullah is the most authentic African culture in America...they were really able to practise their African way of life and so it has sustained itself over the last 100-150 years” – Emory Campbell, Gullah Heritage Consulting Services
Tá stíl shainiúil acu maidir le gach rud; bia, ceol, rice agus fiú éadaí. Tá cúpla seanchaí acu go fóill freisin. Tá bród orthu as a chuid chultúr, an méid bród ba chóir go mbeadh againn in Éirinn fósta.
Is daoine spreagúil iad mar in ainneoin Cuing na Doirse, An Cogadh Cathartha, Jim Crow agus gach rud eile, tá siad ann go fóill. Agus ní amháin go bhfuil siad ann ach tá siad bríomhar agus fuinniúil.
Tá brú orthu anois ón Rialtais Stáit ar thaobh cáin agus tógáil, ach tá féiniúlacht laidir acu agus ní beidh rud ar bith caillte acu gan tróid.
Le Ciarán Ó Meachair
Físeán - https://www.youtube.com/watch?v=INLoxvNjFiA