Bréag na Briotanachta
De réir iar-cheannaire ár gcomrádaithe i bPlaid Cymru, Gwynfor Evans, “Britishness … is a political synonym for Englishness which extends English culture over the Scots, the Welsh and the Irish”. San alt seo, tá sé ar intinn agam plé a dhéanamh ar mhiotas na ‘Briotanachta’, coincheap, dar liom, atá impiriúlach, marfach ach atá ar an dé deiridh freisin. Bhí, agus tá tionchar ollmhór ag cóilíneachas Shasana ar Éirinn, agus ar an dá thír eile ar oileán na Breataine. Chun an bealach ceart chun saoirse agus athghabháil ár dtíortha a chruthú, ní mór go mbeadh tuiscint cheart againn ar stráitéis Shasana le linn na staire agus sa lá atá inniiu ann. Agus, níos tábhachtaí fós, ní foláir go mbeadh tuiscint againn ar ár gcultúr féin agus an damáiste a rinneadh dó chun fíor-saoirse a bhaint amach – ní hamháin saoirse pholaitiúil.
Ar an gcéad dul síos, cad is bri le ‘Briotanacht’? Iompraíonn daoine a chónaíonn san Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana pas Briotanach. Tá an pas seo ar fáil do dhaoine sna sé chontae freisin, ach, de bharr iarrachtaí ár bpáirtí is páirtithe eile le linn cainteanna Aoine an Chéasta, is féidir le daoine pas Éireannach amháin a bheith acu más mian leo. Ach díreach toisc go ndeir rialtas Westminister gur ‘Briotanaigh’ iad na daoine a bhfuil cónaí orthu sa ‘Ríocht Aontaithe’, ní hí sin an fhírinne. Níl sa Bhreatain ach oileán. Tá trí thír, náisiún éagsúla a roineann an t-oiléan sin, a bhfuil cosúlachtaí eatarthu ar ndóigh, ach a bhfuil a gcultúir, nósanna, teangacha, stair is oidhreacht féin acu. Anois, cuimhnimís siar go dtí an 13ú haois nuair a rinneadh cóilíniú ar Albain agus ar an mBreatain Bheag. B’shin tús a n-aistir le riail Shasana. Inár gcás féin, tháinig siad go hÉirinn sa dara leath den 12ú haois.
‘Sí sprioc na n-impiriúlach ná smacht iomlán a fháil ar a ngéillsinigh. Tá dhá chúis leis seo, ceann poiblí bréagach agus ceann príobháideach. ‘Sí an chúis oifigiúil a thugann aon chóilíní ná go bhfuil fonn orthu na dúchasaigh a ‘shabháil’ óna dtraidisiúin aisteacha, nó chun na dúchasaigh a thabhairt chun ‘sibhialtachta’. Ar ndóigh, níl uathu ach acmhainní na tíre (bíodh sé sin acmhainní nádúrtha nó obair na ndaoine) a dhúshaothrú. Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, mar a mhíníos i m’alt deireanach, caithfidh siad stop a chur ar aon réabhlóideachas, aon fhiontar go dtarlóidh éirí amach. Agus is uaidh sin a thagann teanga-dhíothú, díothú cultúrtha. Is foirmle é seo do gach tír timpeall an domhain i rith na staire, níl aon eisceachtaí. Anois, cén rol atá ag an ‘mBriotanacht’ sa scéal tragóideach seo? Is féidir anailís a dhéanamh air seo ina dhá chuid – leatrom cultúrtha, agus polaitiúil
Leatrom Cultúrtha
Mhíníos foirmle an chóilíneachais ó chianaibh. I gcás na hÉireann, ‘sí an fhoirm a thóg sé seo ná ‘an Bhriotanacht’. Ionas go mbeimís inár ngéillsinigh dhílse, ní fhéadfaimís a bheith inár n-Éirinnigh. Dá labhróimís ár dteanga féin, is dá mbeadh ár bhfeiniúlacht shainiúil, éagsúil againn ní raibh seans ar bith go mbeadh na Sasanaigh in ann cumhacht a fháil tharainn. Dá bharr sin, sa 16ú is 19ú aois ach go háirithe, thosaigh cineál ‘dianghlasála’ ar an nGaeilge (chun téarma nua-aimseartha a úsáid!). Thárla sé seo i saol an oideachais, i bhfrithdhúnadh na Gaeilge ón saol gnó is polaitíochta, agus i ngnáth-shaol na ngnáth-daoine (mar a ghlaotar orthu). ‘Ireland was to be made a little England’, de réir staraí áirithe. Ceann de na samplaí is gonta dó seo ná sa ‘phaidir’ seo a dúirt gach páiste ar scoil gach maidin:
“I thank goodness and the grace which on my birth have smiled; and made in these Christian days, a happy English child”
Dá gcruthódh rialtas Westminister an chreidiúint in Éirinn nárbh Éirinnigh sinn, ach saoránaigh don Bhreatain, éacht ráthúil a bheadh bainte amach acu. Ach ar bhuaigh siad? Caithfimid a bheith macánta inár bhfreagra – d’éirigh leo i mbealach áirithe, is níor éirigh i mbealach eile. Dá rachfá timpeall na hÉireann inniu, is annamh a bhuailfeá le duine, seachas in oir-thuaisceart na tíre, a déarfadh gur ‘Briotanach’ iad. Ach, mar sin féin, caithfimid an cheist a chur – cad é staid na teanga? Nach labhraímid an teanga chéana leo? Nach bhféachaimid ar na cláir chéanna theilifíse leo? Tá smacht polaitiúil caillte acu ar chuid mhór den tír, leis an gcuid eile le bheith caillte go h-an luath. Ach tá smacht cultúrtha fós acu orainn i mórán bealaí, agus ‘sé ár dualgas, mar Shinn Féinigh is mar lucht na hAthghabhála, na críoch a chur leis an smacht sin.
Leatrom Polaitiúil
In 1801, de bharr éirí amach 1798, síníodh Acht an Aontais, agus uaidh sin amach bhiomar mar chuid den Riocht Aontaithe. Chun an fhírinne a rá, níor úsáid siad Éirí Amach 1798 ach mar leithscéal. Aontú idir oileán na Breataine agus oileán na hÉireann a bhí mar sprioc dheiridh acu i gcónaí. Chun saoirse a bhaint amach ón mBriotanacht seo, ní mór dúinn saoirse pholaitiúil a bhuachan dúinn féin. Agus, mar phoblachtánaigh, aithnímid go gciallaíonn sé seo saoirse iomlán.
Mar fhocal scoir, caithfimid sainmhíniú a dhéanamh inár gcinn ar an téarma ‘náisiúnacht’. Is í an náisiúnacht atá agat ná an tír óna dtagann tú. Dá bharr sin, más as Éirinn nó oileán na Breataine thú, is Éireannach, Alabanach, Breatnach nó Sasanach thú. Ar ndóigh, tá daoine in Éirinn a bhfuil bród acu dá bhféiniúlacht éagsúil, is glaonn siad ‘Briotanacht’ air seo. Agus tá sé de cheart acu é sin a dhéanamh, agus in Éirinn Aontaithe beidh an ceart sin fós acu a bheith mar shaoránaigh Bhriotanacha.
Mar phoblachtánaigh, caithfimid rudaí áirithe a dhéanamh i gcoinne coincheapa dhainséarach na Briotanachta. Ar an gcéad dul síos, caithfimid stop a chur le húsáid na bhfocal ‘Britain’, ‘British’, ‘British Government’. Ar ndóigh, bainimid uilg úsáid astu sin i gcónaí, le níos mó ná céad bliain anuas. Ach, ní foláir dúinn an fhírinne seo a thuiscint: níl sa Bhreatain ach oileán. Níl a leithéid de run ann agus ‘Briotanacht’. Agus níl aon rialtas ag an mBreatain. Tá rialtas ag Sasana, a bhfuil cumhacht agus ‘ceannas’ acu thar an dá thír eile ar an oileán, agus thar chuid d’ár dtír féin.
Is léir go bhfuil strátéis miotas na Briotanachta i bhfad níos rathúla ar oileán na Breataine ná anseo. Fiú an t-ainm Gaeilge a thugaimid ar Cymru: ‘Little Britain’. Ach ní ‘little Britain’ iad, is tír bhródúil, ársa iad. Is minic a chloistear na téarmá ‘one-nation Conservatism’, nó ‘nationwide’ á n-úsáid sa Bhreatain. Caithfimid díchóilíniú a dhéanamh ar ár n-aigní, már atá ráite agam i gcónaí ar an suíomh seo. Agus ní tharlóidh sé sin go dtí go bhfaighimid tuiscint ar ár náisiúnachtaí féin, agus go dtí go dtéimid i ngleic le bréag na Briotanachta.