Seasamh na nGaeltachtaí in Éirinn Athaontaithe
Tá a fhios ag an saol Fódlach gur tugadh droim láimhe do Ghaeltachtaí na tíre seo le breis is cúig fichid bliain anuas. Ar bhunadh an tSaorstáit, ligeadh aislingí Ré na hAthbheochana i ndearmad agus ruaigeadh Gaeil na tíre seo go fíorimeall na sochaí. Fágfadh pobal na teangan mar a bheadh Oisín i ndiaidh na Féinne, iad ag tabhairt an tsaoil leo le dua is le deacracht i gceantair a tréigeadh is a fágfadh bánaithe de dheasca cheal gníomhaíochta ón rialtas. Ba scáthán iad na ceantair Ghaeltachta ar fad ar pholasaithe lucht cumhachta gallda nár spéis leo croílár ár gcultúir agus ar na lagiarrachtaí a deineadh d’fhonn iad a chaomhnú. Gan dabht, is amhlaidh go maireann an galar céanna fós i rialtas an lae inniu ó dheas. Is beag a mbeann ar na Gaeltachtaí agus ar a bhfuil de dhíth ar na daoine a mhaireann iontu, gan ar phaidrín pholaiteoirí na bunaíochta úd ach na ceantair uirbeacha agus borradh a gcuid geilleagar.
Ní le hanró is le dochma roimh an saol a scríobhaimse inniu, áfaigh, a léitheoir. A mhalairt ar fad atá fíor, óir le dóchas is le dúthracht a chuirimse peann le pár agus Éire Athaontaithe anois ar na bacáin.
Tuigeann na piardaí Sasanacha thall i gCathair Londain go bhfuil cos amháin san uaigh ag an Ríocht Aontaithe, agus leathchos eile ar a bruach. Go deimhin tá madraí na sráide anois ag cur is ag cúiteamh fés na féidearthachtaí a bhaineann le reifrinn ar thodhchaí an oileáin seo, agus feictear dom gur tuar dóchais í ceist úd an athaontaithe do Ghaeltachtaí na tíre seo. Is ag treabhadh fód na samhlaíochta agus fód na bhféidearthachtaí a bhead san alt so, féachaint cén mhaitheas agus cén dea-thionchar a d’fhéadfadh Aontú na hÉireann imirt ar na ceantair Ghaeltachta agus ar phobal na Gaelainne i gcoitinne.
Is dealraitheach go dtabharfaidh reifrinn ar athaontú an oileáin deis do chách an tír seo a athshamhlú is a athchruthú. Ó chúrsaí cultúrtha go córais phoiblí, níl aon teora leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an tsochaí nódh so a chur i gcrích. Cruthófar spás sa dioscúrsa don ghnáthdhuine agus fáilteofar roimh ghlórtha éagsúla ó na hiliomad cúlraí d’fhonn deimhin a dhéanamh de go bhfreastalófar ar na haon saghas duine sa tír agus í aontaithe. Bíodh muintir na Gaeltachta i lár an aonaigh sa díospóireacht, mar sin, agus éilítear riachtanais na háite go hardghlórach is go radacach. Bíodh an dorn san aer ag na Gaeil, bíodh ár bport le clos, is daingnítear breis airde is breis cearta gan taise! Is fada linn ar fad an lá úd, ach tá lá na cinniúna ag teannadh linn anois.
Ina theannta san, beidh próiseas an díláraithe ina thogra ríthábhachtach agus dhá chontae is tríocha anois fé scáth aon rialtas amháin. Níl cúis ar bith ná féadfaí éileamh go mbeadh na ceantair Ghaeltachta i gcroílár an phróisis úd. D’fhéadfaí stocaireacht a dhéanamh le go mbeadh cáin ioncaim ní b’ísle sna dúthaigh úd, agus deimhin a dhéanamh de go rithfí na comhlachtaí móra agus beaga as Gaelainn trí chúrsaí oiliúna teangan fadtéarmacha is fadradharcacha a reáchtáil. Mheallfadh a leithéid de ghníomh muintir na Gaeltachta fhéin thar n-ais go dtí a ndúthaigh, gan iad a bheith stoite óna neadacha i gceantair uirbeacha an oileáin a thuilleadh. Gan dabht, chabhródh sé seo go mór leis an ngéarchéim thithíochta, leis. Bímis radacach inár gcuid smaointí - tá an saol is todhchaí an oileáin ar bhos ár gcamáin againn.
Lena chois sin, tabharfaidh ceist an athaontaithe deis dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar pholasaithe teangan agus cur chuige an stáit ina dtaobh. Agus Gaeilgeoirí ó cheithre hairde na tíre i bhfochair a chéile, is treise agus is láidre a bheidh ár gcuid éileamh. Beidh ar ár gcumas rud éigin fónta a dhéanamh don teanga fé dheireadh is fé dheoidh agus cearta bunúsacha teangan a bhaint amach. Beidh ar ár n-acmhainn leis athchóiriú is athstruchtúrú a dhéanamh ar oideolaíocht na teangan trí bhunscoileanna a iompú ina Gaelscoil thar achar maith ama. Seachas an Ghaelainn a bheith ina cnámh spairne do phobal na nAontachtach, féachfar anois uirthi - le cabhar leithéidí Linda Ervine - mar mhodh cumarsáide is mar dheis athmhuintearas a dhéanamh is comhchultúr a chruthú ó bhonn (dá mbeidis toilteannach, gan dabht). Níl cúis ar bith ná féadfaí stádas Gaeltachta a bhronnadh ar cheantair ar nós Iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair leis.
Speabhraídí a bheadh orm dá n-áiteoinn go mbeadh sé fuirist na rudaí seo ar fad a bhaint amach. Tuigim go maith gur obair mhall is obair righin a bheidh i gceist, agus go bhfuil gach seans ann leis go ndéanfar iarracht cluas bhodhar a thabhairt dos na Gaeil athuair. An mórphointe atá á chur chun tosaigh agam, áfaigh, ná gurb ann dos na féidearthachtaí ar fad so. Bíonn rath orthu siúd a thugann fén saol le dúthracht, mar sin cuirimis na deiseanna ar fad do phobal na Gaeltachta trí chéile is pleanálaimis ar ár lándícheall. Is deis é Aontú na hÉireann na dearmaid agus na feallanna ar fad a dhein an dá stát le céad bliain anuas a chur ina gceart anois agus seasamh phobal na Gaeltachta a athdhearbhú is a athdhaingniú. Seo anois uair na cinniúna - tugaimis faoin gcath, mar sin, go faobhrach fabhrúil.
Le Róisín Nic Liam
Grianghraf factha ag: https://stairnaheireann.net/an-ghaeltacht/