Póilíneacht agus neamhionannas ciníocha sna Stáit Aontaithe
Bhí mórán daoine in Éirinn agus timpeall an domháin ag leanúint cúrsaí i gcathair Washington DC le déanaí. Chonaic muid faisistithe, teoiricí comhcheilge agus daoine eile ón eite dheas ag dul isteach sa US Capitol. Thug Donald Trump “tírghráthóirí den scoth” orthu. Ní raibh mórán suim ag na póilíní chun bac a chur orthu ag an am. Is amlaidh gur ghlac roinnt póilíní selfies leo. Tá ceisteanna ollmhór go fóill faoin straitéis póilíneacht ar an lá de bharr go raibh éaspa póilíní agus seirbhísí slándála ann.
Mar a dúirt Xavier Brown, eagarí leis an Gluaiseacht ‘Black Lives Matter’ in Oakland, California le Nuacht ABC “If it were Black protesters, we would have been shot. I'm just writing it in there, it would have been a massacre”.
Is mór idir an straitéis póilíneacht ar an lá sin agus an straitéis maidir leis na hagóidí ‘Black Lives Matter’ ar na mallaibh. Tá sé deacair dearmad a dhéanamh ar lá eile i Washington DC agus d’ionsaigh Póilíní, National Guard agus roinnt grúpaí de chuid seribhísí slándála eile siúd a bhí ag agóidíocht go síochánta ar son ‘Black Lives Matter’ chun photo-op Trump os comhair eaglais a bhaint amach.
Ach tá brúidiúlacht na bpoilíní sna Stáit Aontaithe le feiceáil le haghaidh blianta anuas. Is cuimhinn le Daoine Gorm ‘Domhnach na Fola’ eile, ar an 7 Márta 1965 agus rinné póilíní Alabama ionsaí ar mháirseálaithe ‘Selma to Montgomery’. Is minic agus d’úsáid póilíní an lámh láidir in aghaidh lucht na gCeart Sibhialta sna caogaidí agus sna seascaidí. Chomh maith le sin bhí saghas Cogadh in aghaidh daoine gorm baint leis a ‘War on Drugs’ déanta na fírinne.
Ba ceart go mbeadh comhrá ionraic sna Stáit Aontaithe (agus neart tíortha eile) faoin nasc idir póilíneacht, ciníochas agus claonadh polaitiúil.
Le Ciarán Ó Meachair, Oifigeach Idirnáisiúnta