Cine céanna – sprioc chéanna. Comhoibriú idir na Náisiúin Cheilteacha
Tá an Ríocht Aontaithe ar an dé deiridh. Go han-luath ar fad, beidh ár gcol cathracha san Albain saor ó riail Westminister, agus go gairid ina dhiaidh sin, faoi dheireadh is faoi dheoidh, tiocfaidh lá na hÉireann. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar ár gcomrádaithe sa Bhreatain Bheag. Mar thoradh ar an mBreatimeacht, agus an Víreas Corónach, tá gluaiseacht neamhspleáchais na tíre sin ag éirí níos tréine, lá i ndiaidh lae.
De bharr na ngluaiseachtaí seo inár dtrí thír i gcoinne láithreacht Shasana, ba cheart go mbeimis ag plé an naisc atá eadrainn mar thíortha. Nach bhfuil Albain is an Bhreatain Bheag i bhfad níos cóngaraí dúinn ó thaobh na sochaí agus an chultúir de ná mar atá Sasana nó Meiriceá? Ag deireadh an lae, is Gaeil sinne in Éirinn agus in Albain– pléimis gaol na nGael. Ní Gael iad muintir na Breataine Bige, ach is Ceiltigh iad. Tá cosúlachtaí ollmhóra idir ár dteangacha, ár gceol, ár bpobail, agus níos tábhachtaí fós, ár sprioc choitianta. San alt seo, tá sé ar intinn agam plé a dhéanamh ar thábhacht an chomhoibrithe eadrainn, ionas go bhfeicimid uilg éirí na Gealaí.
Teangacha
Sa 6ú haois, thrasnaigh na Gaeil an fharraige ó thuaisceart na hÉireann go hAlbain. Bhí na ‘Scots’ ina nGaeil, óna bhfaigheann Albain a hainm Béarla. Thógadar an Ghaeilge leo. Inniu, má éisteann tú le daoine ag labhairt Gaeilge na hAlban, is ar éigean go gcreidfidh tú an chosúlacht idir an teanga sin is ár dteanga féin – seans go dtuigfidh tú cúpla focal, go háirithe más as Cúige Uladh thú. Is teanga iomlán difriúil í Cymraeg, teanga na Breataine Bige, ach is teanga Cheilteach í mar sin féin.
Tá a fhios againn insan tír seo go bhfuil todhchaí na Gaeilge i ngalar na gcás – ní féidir é a shéanadh. Is fíor é go bhfuil gluaiseacht na nGaelscol fós ag éirí níos láidre, ach ó thaobh na teanga beo, is í á labhairt go nádúrtha ag daoine, táimid i bponc. Mí ó shin, chualamar nach mairfidh teanga na hAlban mar theanga cheantair níos mó ná deich mbliana mura dtéann rialtas na hAlban/na Breataine i ngleic leis an bhfadhb.
I m’alt deireanach, maidir le ‘hAthghabháil na hÉireann’, rinne mé plé ar thábhacht ár dteanga dhúchais. Mhíníos go bhfuil gá an teanga a úsáid chun athghabháil a dhéanamh ar ár dtír, agus go bhfuil gá neamhspleáchas ár dtír a bhaint amach chun todhchaí na teanga a shlánú. Mar sin de, ‘sí an sprioc ghearr-théarmach atá againn ná feachtais ollmhóra, a bhfuil gnáth-dhaoine ar a dtúis chadhnaíochta, a eagrú chun drochdhóigh na dteangacha sa thrí thír a chur i mbéal an phobail. Is ar na Méain Shóisialta, ar na sráideanna, agus sna parlaimintí a tharlóidh na feachtais seo. Ní mór go mbeadh comhoibriú ‘gus comheagar idir na tíortha, mar ‘sí an troid chéanna atá á troid.
‘Sí an sprioc fhad-théarmach ná saoirse ár dtíortha a bhaint amach. Nuair a bheimid saor, ba cheart go mbeadh sé mar pholasaí oifigiúil ag rialtais na dtíortha na teangacha a chur thar nais mar phríomh-theangacha labhartha na dtíortha.
Comhoibriú Polaitiúil
As an trí thír, dar liom, is í Albain an ceann is cóngaraí dá saoirse. Is féidir le hÉireannaigh a bpáirt a ghlacadh ina bhfeachtas neamhspléachais, YesScot. Cén fáth? Ar an gcéad dul síos, ‘siad muintir na hAlban ár ndeartháireacha ‘gus ár ndeirfiúracha agus tá gach píosa cabhrach ina dtroid tuilte acu, is de dhíth orthu. Ach chomh maith leis sin, má táim féin-spéiseach faoi, cabhróidh neamhspleáchas na tíre sin lenár n-achrann féin. Caillfidh a lán aontachtaithe an caidreamh atá acu leis an ‘Ríocht Aontaithe’ má deir Albain slán.
Anuas air sin, tá feachtas YesCymru sa Bhreatain Bheag théis éirí an láidir ar fad ó theacht an Víris, de bharr na slí a ndeachaigh Westminister i ngleic leis an víreas. Is féidir le hÉireannaigh a bheith mar bhaill den eagraíocht seo freisin. Nach ndéanfadh sé maitheas ollmhór don chaidreamh eadrainn dá dtabharfadh figiúirí cáiliúla in Éirinn, a bhfuil baint acu leis an bpoblachtánachas, a dtacaíocht don eagraíocht? Scríobhaimis do TDeanna/feisirí eile ónár bpáirtí ag lorg go mbeadh baint acu leis an dá fheachtas seo.
I ndiaidh an neamhspleáchas a bhaint amach, beidh orainn smaoineamh a dhéanamh ar an nasc oifigiúil a bheidh eadrainn. Dar liom, ba cheart go mbeadh aontas idir an trí thír (le hOileán Manann, más mian leo). Ní aontas dlisteanach, cosúil seis an RA, ach cosúil leis an Aontas Eorpach, ina mbeidh comhoibriú eacnamaíoch, polaitiúil agus cultúrtha. D’fhéadfaimis ‘An tAontas Ceilteach’ a ghlaoch air, agus bheadh an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, agus Cymraeg mar theangacha oifigiúla aige. Beimid fós inár dtíortha neamhspleácha, ar ndóigh.
Mar Shinn Féinigh, ba cheart dúinn ár nasc leis an SNP agus Plaid Cymru a neartú. Bhí comhrá an-suimiúil ag Ógra le déanaí le Plaid Ifanc, agus is dearfach an rud é an cineál comhrá seo a fheiceál. Dá mbeimis mar pháirtí in ann tionól a eagrú lenár gcomrádaithe sna tíortha eile, agus aon pháirtí atá ar son an neamhspleáchais a bheith ann, thaispeánfadh sé sin go bhfuil poblachtánaigh na hÉireann dáiríre faoin tionscnamh seo. Ba cheart plé a dhéanamh ar an smaoineamh seo, agus ar thuairimí eile faoin gcomhoibriú.
Tá daoine áirithe a deir go bhfuil sé ciníoch an cineál comhoibrithe seo a dhéanamh idir tíortha toisc gurb as an gcine céanna a dtagann siad. Ní aontaím. Ar fud na cruinne, is minic a thiteann ciníochas agus náisúnachas sa chatagóir céanna. Ach inár dtrí thír, ní mar sin atá cúrsaí. Ní bhaineann dath do chraicinn le cé chomh Éireannach is atá tú. Le cúpla mí anuas, ó thosaigh gluaiseacht chearta sibhialta nua i Meirceá de bharr dúnmharú George Floyd, táimid ar fad ag feiceáil samplaí de dhaoine gorma ag imirt na peile Gaelaí, nó na hiomáinte, nó ag labhairt Gaeilge ar na méain. Níl aon dath ‘ceart’ ar Éireannach, agus is amhlaidh atá cúrsaí in Albain nó sa Bhreatain Bheag. Is tíortha sinn ina bhfuil éagsúlacht – murach é sin, nach leadránach a bheadh an saol!
An Todhchaí
Maraon le gach glúin eile i stair na hÉireann, tá an dualgas orainne saoirse na tíre a bhaint amach. Is tionscnamh réalaíoch é. Caithfimid gach rud gur féidir linn a dhéanamh chun bogadh i dtreo an lae a ndéantar tagairt air inár mana, ‘Tiocfaidh ár lá’. ‘Sí saoirse ár dtíre féinig an sprioc is tábhachtaí atá againn, ach leis sin, ní mór dúinn cúnamh a thabhairt d’aon eagraíocht, nó d’aon tír eile atá ar chomhintinn linn - ‘sé an tIdirnáisiúnachas ceann de na feidhmeanna atá againne in Ógra Shinn Féin.
Siúlaimis le chéile, seasaimis an fód, is bainimis amach athghabháil na hAlban, na Breataine Bige, is na hÉireann.