Fás an fhaisisteachais in Éirinn

Tá tionchar na hantoiscigh den eite dheis ag fás in Éirinn, níl aon dabht faoi sin. Bhí na céadta daoine ar Sráid Grafton Dé Sathairn seo chuaigh thart, ag déanamh agóide faoi beartais frith-COVID-19 na rialtas. D’eagraigh grúpaí mar an Páirtí Náisiúnta, ‘the Irish Freedom Party’ agus Síol na hÉireann an agóid. Ní seo ach ám amhain i rith na paindéime ina raibh na haontoiscigh seo amach ar na sráideanna, ag cuir muidne go leir i mbaol. Rinne na faisistithe seo ionsaí ar bhall d’Ógra i rith an tsamhraidh, mar shampla. Is fíor bagairt é seo agus tá sé ag fás. Beidh an t-alt seo ag plé na cúiseanna atá bainte le fás na faisisteachas in Éirinn agus cad é mar a mbeidh muid ábalta stad a chur leis. 

    Cén fath a bhfuil seo ag tarlú anois? Ar an drochuair, níl bunús na faidhbe sa paindéim. Fiú gan aird ar ról na heaglaise, bhí an reifreann ciníoch i 2004. Bhain sé cearta saoránachta ó daoine rugatha in Éirinn gan tuismitheoir Éireannach agus fuair sé chóir a bheith 80% tacaíocht ó vótálaí. Anuas ar sin, fuair Peter Casey 23% i dtoghchán na huachtaránachta 2018, gan polasaithe ar bith ach amháin ionsaigh a dhéanamh ar an lucht siúil. Leiríonn an dhá shampla seo go bhfuil tuairimí chiníocha ag a lán Éireannaigh.

    Má tá seo fíor, cén fáth nach bhfuair páirtithe antoisceacha den eite dheis ach ~1% den vóta san olltoghchán anuraidh? Sílim go bhfuil dhá chúis le seo. Sa chéad dul síos, de gnáth, bíonn cúrsaí tithíochta agus sláinte ar bharr pobalbhreitheanna a chuireann ceist faoi na rudaí is tabhachtach do vótálaí. Ní bhíonn na cursaí is tabhachtach do na haontoiscigh seo (inimirce, mar shampla) cóngarach don bharr. Nuair atá daoine ag vótáil in olltoghcháin (in áit reifreann báinte le ceist amháin nó toghchán na huachtaránachta nach bhfuil chomh tabhachtach), bíonn siad ag vótáil mar gheall ar chursaí eacnamaíochta, chan cursaí eile. É sin ráite, más ciníoch thú, beidh Fine Gael nó Fianna Fáil in ann ionadaíocht a dhéanamh duit. Leis an córas soláthar díreach atá againn d’iarrthóirí tearmainn nó le Josepha Madigan (duine atá iomlán biogóideach i leith an lucht siúil) mar aire sa rialtas, níl sé deacair feiceáil nach mbeidh cuid mhór fadhbanna ag daoine le barúlacha biogóideach vóta a thabhairt do FG nó FF. 

    Bliain ó shin, ní raibh cuid mhór tacaíocht ag na hantoiscigh den eite dheis. D’athraigh COVID-19 seo. Ní raibh gach duine ar Sráid Grafton (nó ar na agóidí ‘anti-Lockdown’ eile) mar ball den Páirtí Náisiúnta, tá sin soiléir. Nuair atá chóir a bheith gach píosa denár tsaol ceangailte leis an paindéim, má tá réiteach simplí de chineál éigin ag grúpa, beidh scaifte ann atá sásta glacadh leis. Theip ar an straitéis atá ag rialtas na hÉireann in éadan COVID, agus, mar gheall ar sin, tá siad ag brú cuid daoine i dtró na faisistithe seo. Tá freagraí ag na faisistithe, tá siad iomlán mícheart agus bréagach, cuireann siad an locht ar na daoine mícheart (níl an locht ar mionlaigh eitneacha nó George Soros, tá sé ar na daoine saibhir ar bharr ár tsochaí) ach nuair nach bhfuil an rialtas agus coráis pholaitíochta ag cur freagraí cearta chun cinn, beidh cuid daoine tarraingthe chuig na hantoiscigh. 

    Tá ról ag na meain freisin. Mar shampla, i ndiaidh an agóid Dé Sathairn, dúirt RTÉ go raibh ‘Far-Left and Far-Right’ i lathair. Bhí seo iomlán breagach; bhí RTÉ ag glacadh le tuairim Drew Harris agus na Gardaí, gan aon taighde a dhéanamh air iad féin. Seo an chéad fadhb le RTÉ maidir le fás na n-antoisceach den eite dheis, tá siad falsa. Tá RTÉ sásta glacadh le focail na ngardaí, fiú nuair nach bhfuil aon fianaise ann. An dara fadhb leis na meain ná go bhfuil siad sásta deis a thabhairt do dhaoine i bhfád amach ar an eite dheis labhairt ar cláir ar nós ‘Primetime’. Bhí John McGuirk, eagarthóir ar Gript (suíomh den eite dheis), ar Primetime ag argóint ar son an agóid in éadan Neale Richmond ó Fine Gael. Nuair atá Richmond (ceann de na teachtaí is measa sa Dáil, le grá don Comhlathas Briotanach agus a caitheann poipín) an duine is mó amach ar an eite chlé atá agat ar do chlár, tá sé soiléir nach bhfuil aon duine ar chlé ‘Attila the Hun’ agat. Bhí McGuirk ábalta an locht a chur ar páirtithe ar nós Eirigí, nach raibh páirteach agus atá frith-faisisteachas, gan aon brú siar ó RTÉ. Tá siad páirteach i bhfás na n-antoisceach den eite dheis mar níl siad ábalta troid in éadan bréageolas mar gheall ar falsacht s’acu agus ar fonn s’acu an dhá taobh a thabhairt i gconaí thar gach rud eile. 

    Mar fhocal scoir, tá an dualgas orainn, mar sóisialaí agus poblachtaigh, stad a chur leis an fás seo. Tá orainn seasamh in aghaidh faisisteachas in aon áit a feiceann muid é, in aon bealach is feidir linn. No pasaran i gconaí. Ach, níl seo go leor leis féin. Caithfidh muid dearcadh eile, dearcadh dóchasach, a chur chun tosaigh. Mar a dúirt mé, ní raibh gach duine ar Sráid Grafton mar ball den na pairtithe faisisteach agus níl siad caillte uainn. Déanann muid sin nuair a tógann muid scéal difriúil faoi na fadhbanna atá againn. Tá fearg amuigh ansin, agus tá orainn é a úsáid chun athrú dearfach a dhéanamh, in áit athrú diúltach. Ní oibreoidh na rudaí seo leo féin, ach le chéile, chuig linn an tinneas seo a scriosadh. 

Le Niall Campbell


Ógra Shinn Féin