Bunreacht Nua d’Éirinn Nua - Oisín Ó Síocháin
Tá an comhrá ar aontacht na hÉireann faoi lán seoil. Tá fadhb shíoraí na teorann in Éirinn i mbéal an phobail, agus mar sin de, níl an dara suí sa bhuaile againn ach pleanáil a dhéanamh ar an gcumadh a bheidh ar an stát nua seo. San alt seo, cuirfidh mé mo chuid tuairimí pearsanta in iúl daoibh maidir le cén struchtúr a bheadh ag Bunreacht Nua, d’Éirinn Nua.
i. An Náisiún
Bheadh cúpla réamhairteagal a dheimhneodh gur stát 32 contae atá i gceist, agus gur stát daonlathach atá ann. Níl aon rud conspóideach anseo.
Anois, tar éis na réamh-airteagal seo, chuirfinn píosa an-tábhachtach a bhaineann le haitheantas a thabhairt de ról na n-aontachtaithe san Éirinn nua. Is tábhachtach an rud é an píosa seo, mar in Éirinn aontaithe, ní hé an chríoch amháin atá aontaithe, ach an pobal freisin. Má thugann an Bunreacht an t-aitheantas seo do lucht na n-aontachtaithe, taispeánann sé go bhfuil an stát nua dáiríre faoina dtábhacht. Léifeadh sé mar seo:
”Aithníonn an bunreacht seo gach traidisiún atá i láthair sa tír, agus tá sé de dhualgas ar gach rialtas a ndícheall a dhéanamh páirt lárnach a ghlacadh do gach traidisiún sa chóras polaitiúl agus sa tsochaí.”
”Ag cur san áireamh cad atá ráite thuas, tá sé de cheart ag aon duine a labhraíodh fuathu san airteagal thuas a bheith mar shaoránach den Bhreatain, d’Éirinn, nó den dá thír.”
An chéad phíosa eile sa roinn seo ná ról an chultúir a aithint. Is í an fhís a bhí ag bunaitheoirí na Poblachta i 1916, an Piarsach ach go háirithe, ná go mbeadh Éire:
“ní amháin saor, ach Gaelach; ní amháin Gaelach, ach saor”
Dá bharr san, is riachtanach an ról a bheadh ag an gcultúr Gaelach, agus na cultúir eile atá i láthair sa tír, sa roinn seo den bhunreacht. Ach, braithim go láidir nach é an Stát, an Rialtas, an Reachtaíocht, agus an Bunreacht amháin atá freagrach don chultúr a chur chun cinn – tá an dualgas sin orainne, ní mar shaoránaigh de stát éigin, ach mar pháistí de Náisiún na hÉireann. Mar sin de, pé rud a déarfadh an nua-bunreacht ar an gcultúr, is orainne atá an oibleagáid lasair an ghaelachais a choimeád beo.
ii. An Stát
Ar an gcéad dul síos, cén ainm a bheadh ar an stát? Níl amhras go mbeadh conspóid dá mbeadh sé as Gaeilge, agus fiú dá mbeadh an focal ‘poblacht’ ann. Ní mór rudaí áirithe a dhéanamh ó am go ham, áfach, atá conspóideach. Dar liom, botún a bheadh ann dá bhfanadh an t-ainm, ‘Poblacht na hÉireann’, nó ‘The Republic of Ireland’. Is ainm é sin a chomhcheanglaítear leis an stát seo, agus ní bheadh an mothúchán do ré nua ann dá bhfanadh an t-ainm seo. Mholfainn é seo mar ainm: “Éire/Ireland”. Bheadh an stádas céanna ag an dá fhocal, agus d’fhéadfadh gach éinne pé focal gur mian leo a úsáid sa chaint.
Anois, bratach na tíre. Más ceist aighneasach í an ceann a phléitear thuas, is ceist chogúil í an ceann seo! Dar liom, an bhratach atá uainn ná ceann: a chlúdaíonn an dá phríomh-thraidisiún sa tír, agus nach dtugann an lámh in uachtar d’aon cheann acu; agus a shiombalaíonn síocháin agus comhoibriú idir an dá thraidisiún sin. Comhlíonann Bratach na dTrí Dhath (i.e. an bhratach atá again faoi láthair) an crítéar seo. Ní féidir a shéanadh go bhfuil roinnt mhaith daoine sa tír a bhraithfeadh míchompórdach leis an mbratach seo toisc an comhcheangal a fheiceann siad léí agus foiréigean sa stair. Ach déanann an dearcadh sin dearmad gur shiombal d’aontas agus síocháin í bratach na dtrí dhath, agus dar liom, is í an bhratach is oiriúnaí don stát nua.
Le cuimhne na seacht sinsear, ba cnámh spairne í fadhb na teanga in Éirinn. Bhí sé seo le feiceáil le déanaí sna sé chontae is iad ag achrann maidir le hAcht Gaeilge. Chuirfeadh sé isteach go mór ar thromlach mhuintir na hÉireann dá mbeadh orainn géilleadh ar an nGaeilge. Is é seo an comhghéilleadh is fear agus is cothroime dar liom:
Bheadh an stádas céanna ag an nGaeilge agus an Béarla sa Bhunreacht, ach ag aithint “áit lárnach na Gaeilge i naisiún na hÉireann”.
De bharr an stádais seo, bheadh ar gach doiciméad stáit a bheith sa dhá theanga fós, agus bheadh an ceart ag gach saoránach a gcuid ghnó a dhéanamh leis an stát trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla. D’fhanfadh sé mar theanga oibre oifigiúl san AE. Bheadh na comharthaí bóthair fós sa dhá theanga.
Bheadh ar gach dalta sa stát staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Bheadh éisceacht i gceist sa tuaisceart, áit a mbeadh an rogha ag an scoil an ndéanfadh na daltaí é nó nach ndéanfadh.
Sa tuaisceart, is leis na húdaráis áitiúla a bheadh an rogha ó thaobh comharthaí bóithre.
Mar sin de, ní bheadh aon athrú praicticiúl ó thaobh na Gaeilge sa deisceart, agus bheadh neartú ar stádas na Gaeilge sa tuaisceart. Ná tuig ón bpíosa seo go mbeadh lagú tagtha ar an nGaeilge sa tsochaí. Mar a dúirt mé cheana féin, is ar an bpobal atá an príomh-dualgas an teanga a chur chun cinn, ní amháin an reachtaíocht. Mar sin féin, ní stopfadh na hathruithe seo neartú a dhéanamh ar an nGaeilge sa reachtaíocht – an dá theanga a chur ar chomhchéim ar chomharthaí bóithre, mar shampla.
Anois, do struchtúr daonlathach an stáit nua. Tá dhá phríomh-cheist le plé anseo – ceist na déabhlóide sa tuaisceart, agus an daonlathas náisiúnta. Ó thaobh an tuaiscirt de, déarfadh an bunreacht go bhfanfadh déabhlóid áirithe san oideachas, cultúr/ealaíona agus póilíneacht, má deir tromlach sa tuaisceart go bhfuil déabhlóid uathu. Stiúrfaí an geilleagar,an tsláinte srl. ar leibhéal náisiúnta. D’oibreodh an Tionól sa tslí chéanna is a oibríonn sé anois ó thaobh feisirí agus ó thaobh an roinnt chumhachta atá ann faoi láthair.
Is í an cheist eile ná an daonlathas ar leibhéal náisiúnta. Mar atá ráite ó chianaibh, ní mór dúinn an deis seo a thógaint na fadhbanna atá ann leis an mbunreacht reatha a réitiú san Éire nua seo. Sa chaoi seo, ní hé ceisteanna daonlathais an tuaiscirt amháin atá á bplé, ach ath- struchtúrú ar an gcóras daonlathach i gcoitinne.
Bheadh níos mó cumhachta ag an ngnáth-saoránach sna slite seo a leanas:
Dhéanfaí déabhlóid mhór ar chumhachtaí áirithe breise do na hÚdaráis Áitiúla, ionas go mbeadh cinntí polaitiúla á dhéanamh níos cóngaraí do shaoránaigh;
Bheadh ról riachtanach na gceardchumann sa tsochaí aitheanta, agus mholfaí (sa bhunreacht) do gach oibrí a bheith mar bhall do cheardchumann;
Thiocfadh dlithe i bhfeidhm a mholfadh cruthú Chomharchumainn Oibrithe. D’ardódh sé seo cumhacht na nOibrithe ina n-áit oibre féin, agus ina saoil féin.
iii. An tSochaí
Sochaí choimeádach a bhí ann nuair a scríobhadh an bunreacht reatha. Tá roinnt reifreann tar éis tárlú (m/sh ar chearta an linbh, ar an gcolscaradh agus ar chomhionannas pósta) a bhog ár sochaí ar aghaidh. Ach tá a lán sa bhunreacht fós nach ceart go mbeadh ann, agus rudaí nach bhfuil sa bhunreacht gur ceart go mbeadh ann.
Ar an gcéad dul síos, sa bhunreacht nua bheadh aitheantas déanta ar luachmhaireacht an chomhshaoil:
“Aithníonn an bunreacht seo luach an chomhshaoil agus an dualgas atá ar Náisiún na hÉireann agus ar Rialtas na hÉireann aire a thabhairt dó. Beartaíonn an bunreacht seo gur gá do gach rialtas amach anseo an comhshaol a chur san áireamh is iad ag déanamh cinntí ar cheisteanna éagsúla.”
Tá cuid sa bhunreacht reatha mar gheall ar ‘Chearta Bunúsacha’, mar shampla comhionnanas os comhair an dlí, ceart an tsaoil agus araille – ach tá mórán nach bhfuil i láthair ann, cearta nach raibh aon phlé déanta orthu i 1937, ach atá riachtanach anois. Sa bhunreacht nua, chuirfí na cearta bunúsacha seo a leanas ann: Ceart tithíochta, ceart chúram sláinte, ceart do phá marachtála, ceart a bheith mar bhall de cheardchumann, ceart an Ghaeilge a úsáid agus tú i mbun caidrimh leis an stát, agus cearta na mionlach.
Cuid eile den roinn seo ná cén ról a bheadh ag creideamh sa bhunreacht nua. Ar an gcéad dul síos, chinnteofaí go mbeadh an ceart ag gach uile saoránach a bheith mar bhall d’aon eaglais, nó ina leanúnaí d’aon chreideamh gur mian leo, mar atá sa bhunreacht reatha cheana féin.
Ó thaobh creideamh an stáit de, déarfainn é seo a leanas: ní bheadh aon chreideamh oifigiúil ag an stát; ní bheadh aon nasc speisialta idir an stát agus eaglaisí.
Ó thaobh an chultúir de, níl aon amhras ach go gcuirfeadh an bunreacht an-bhéim ar an gcultúr. Mar a dúradh cheana féin, beadh aitheantas sa bhunreacht ar thábhacht agus ról lárnach na Gaeilge sa tsochaí, maraon le stair na litríochta, na healaíne, spóirt na tíre agus gach ní eile a bhfuil baint acu leis an gcultúr. Sa bhunreacht a scríobhadh i 1937, níl an méad béime ceart curtha ar an gcultúr – is bunreacht polaitiúil atá i gceist. Ach, dar liom, don bhunreacht nua, ba cheart go n-aithneodh sé gnéithe éagsúla don tsochaí, ní amháin an pholaitíocht.
Deir Forógra na Poblachta go “Dearrbhaímid gur ceart ceannasach dochlóite é ceart mhuintir na hÉireann ar dhílse na hÉireann”. Aithníonn Comhaontú Aoine an Chéasta go bhfuil an ceart ag muintir na hÉireann, agus muintir na hÉireann amháin, a cinneadh féin a dhéanamh maidir le todhchaí bhunreachtúil na tíre. Ní fhadhb í seo d’fhiche, tríocha, caoga bliain amach anseo. Ach, mar sin féin, ní féidir linn a bheith ag imeacht ró-thapaidh, nó caillfear gach rud. Festina Lente a dúirt an t-impire Augustus – éistimis leis.
San alt seo, tá lóistíocht na haontachta pléite agam – níl na hargóintí ar son saoirse na hÉireann pléite, mar is ábhar é sin d’aiste eile. Ach, is léir domsa go bhfuilimid anois ar an gcosán corraitheach chun na haontachta. Ach nuair a thagann an t-aistear seo chun deiridh, nuair atá brionglóid na sinsear romhainn sroichte againn, b’fhiú an phleanáil seo. Beidh ceann scríbe bainte amach againn. Aontófar, in ainneoin ár ndifríochtaí, glas agus oráiste, sean agus óg, Laigheanach, Connachtach, Muimhneach agus Ultach, faoi bhratach na hÉireann nua, faoi spiorad na hÉireann nua – agus faoi bhunreacht na hÉireann nua.