'Euskaraz Bizi Nahi Dut – Ceachtanna Faoin Athbheochan Thar Sáile'

Conas is feidir linn Athbheochan na Gaeilge a bhaint amach? Sin an ceist atá i mbéal an phobail na Gaeilge. Creid nó ná creid, is feidir linn rud eigin a fhoglaim ón taithí thar sáile. Tá dea-shampla i dTír na mBascach, áit ina bhfuil an teanga dhúchais ag dul ó neart go neart le dornán blianta anuas le neart fuinneamh.

Thosaigh scoileanna rúnmhar le linn an ré Franco, bhí an oideachas ar fad sna ‘Ikastolak’ déanta i mBascais amháin. D’oibrigh na múinteoirí faoin bagairt an phríosúin mar bhí siad i mbun rud eigin go hiomlán mídhleathach. Ach chuaigh an chuid is mó daltaí i dTír na mBascach chuig scoil stáit, agus labhroídh Spáinnis amháin ansin. D’úsáid na Franquistas an nath “Si eres español, habla español” (Más Spáinneach tú, labhair Spáinnis) le linn an ré seo agus iad ag cur cosc le cultúr na mionlach náisiúnta, ar nós na mBascach agus na gCatalónach. Theastaigh uaidh aontacht na Spáinne a chosaint, agus b'é an dearcadh a bhí aige ar na teangacha mionlaigh nach raibh iontu ach baol don aontacht sin.

In ainneoin, nó b’fhéidir de bharr sin, spreag sé sin muintir Thír na mBascach chun an cultúr agus an fhéinúlacht náisiúnta a chosaint rúnmhar. Ar ndóigh bhí an teanga lárnach. Nuair a fuair Franco bás i 1975, d’athraigh an dlí maidir le cultúr Bascach, Catalónach agus Gailíseach. Anois is í Bascais an phríomhtheanga sna scoileanna. Is scoil táille iad na Ikastolak anois ach tá oideachas trí Bhascais ar fháil sna scoileanna poiblí saor in aisce freisin.

Tá ceithre roghanna don daltaí agus tuismitheoirí; Oideachas trí Spáinnis amháin gan aon Bascais, Oideachas trí Spáinnis le beagan Bascais mar ábhar éigeantach, Oideachas trí Bascais don chuid is mó, agus Oideachas trí Bascais amháin. Is í an rogha deireanach an ceann is coitianta le níos mo na leath de na daltaí, agus ansin tá timpeall ar ceathrú eile ag foghlaim trí Bascais don chuid is mó. Cuireann na múinteoirí ags na leabhair scoile an-bhéim ar an fhéinúlacht, thugtar ‘ár teanga’ ar Bascais sna leabhair agus níl Spáinnis aon ach ‘teanga eile’, chomh maith le Béarla nó Fraincis.

Tá na torthaí ann le feiceáil (agus le cloisteáil), i 1991 ní raibh aon ach 25% díobh faoi cúig bliana is fiche d’aois in ann ábalta Bascais a labhairt. Ansin is feidir 70%. Tá sé níos láidre faoin tuath ach anois tá na daoine óige ag tabhairt í chuig na bailte agus na cathracha. Eagraíodh neart imeachtaí pobail trí Bascais, tá gach saghas ceol (rap, rac, miotal trom, srl.) ar fháil i mBascais, agus tá an príomh stáisiún teilifíse (EiTB 1) craolta i mBascais amháin freisin. Níl amháin go bhfuil sé ar fháil sna scoileanna ach tá sé an-éasca na deiseanna í a úsáid a bhaint amach lasmuigh den scoil.

Tá an seanteanga tar éis dul isteach i ré nua ansin agus tá mórán le foghlaim dúinn in Éireann maidir leis an athbheochan seo. Tá fianaise ann go bhfuil an proiseas sin ina tús cheana féin. Thosaigh an ‘Korrika’ (rith) i dTír na mBascach i 1980, achan bhliain imíonn an rith agus na mílte rannpháirtithe ar fud na tíre ar feadh deich lá, tugann sé dea-atmaisféar chuig gach baile, sráidbhaile agus cathair. Spreag rath Korrika rásaí eile den chineál seo ar son mionteangacha eile sa Chatalóin, sa Ghailís, sa Bhriotáin agus sa Bhreatain Bheag. Agus tá rás ar son na Gaeilge chomh maith, ‘Rith’, a eagraíodh den chéad uair i 2010.

Cinnte tá níos mo deiseanna Gaeilge a úsáid sa saol laethúil uainn, agus caithfidh muid na deiseanna sin a chruthú. Ach tá sé soiléir go bhfuil an córas oideachas an chéim is tábhachtaí, díreach mar atá sé i dTír na mBascach caithfidh Gaeilge a bheith mar an phríomhtheanga i dtromlach na scoileanna.

le Ciarán Ó Meachair, Oifigeach Idirnáisiúnta

Ógra Shinn Féin