Ógra Shinn Féin

Gluaiseacht do dhaoine óga is ea Ógra Shinn Féin, a bhfuil gníomhaithe óga i gceannas uirthi. Is é ár ról ná feachtasaíocht a dhéanamh, oideachas a chur orainn féin, agus spás polaitiúil a chruthú do dhaoine óga forchéimnitheacha. Tá ár gcuid feachtasaíochta polaitiúla bunaithe ar chúig bhunchloch: saoirse Náisiúnta, sóisialachas, feimineachas, idirnáisiúnachas agus comhshaolachas. Is sinne eite óige Shinn Féin, saor chun ár dtreo féin a stiúradh.

Ógra Shinn Féin is a movement for young people, led by young political activists. Our role is to campaign, educate and to build a project that creates a political space for progressive young people. Our political campaigning is based around five ideas: National liberation, socialism, feminism, internationalism, environmentalism. We are the youth wing of Sinn Féin, free to set an independent agenda.

 

Ag Tógáil na Poblachta

Building the Republic

Tá Ógra Shinn Féin tiomanta do Phoblacht 32 Chontae a bhaint amach, bunaithe ar phrionsabail an Fhorógra agus Chlár Oibre na Chéad Dála.

Chruthaigh an chríochdheighilt dhá stát coimeádach. Is í aontacht agus cumhachtú na saoránach fud fad na hÉireann an tslí is fearr síocháin bhuan agus daonlathas ceart a bhaint amach.

Tá Poblacht de Shaoránaigh Chomhionanna mar phríomhsprioc againn, agus ‘sé a bhainfidh amach an Phoblacht sin ná eite óige bhríomhar, radacach agus náisiúnta a dtacaítear léi go hidirnáisiúnta.

Ba mhaith linn a chinntiú do n-oibríonn an geilleagar don uile dhuine, geilleagar a bhfuil post ceart ag gach oibrí, agus geilleagar a bhfuil daonlathas san áit oibre. Cuireann ár smaointe iadsan ar an imeall chun cinn, tacaímid le cearta na ndaoine óga, agus troidimid ar son seirbhísí oideachais agus meabhairshláinte. Smaointe is ea iad a dhéanann cumhachtú ar ár saoránaigh - na mná, na mionlaigh eitneacha, daoine LADTAI agus an lucht siúil.

Ógra Shinn Féin is committed to a 32 county Republic based on the principles of the Proclamation and the Democratic Programme of an Chéad Dáil.

Partition created two conservative states. The unity and empowerment of citizens across Ireland provides the best vehicle for achieving a lasting peace and a genuine democracy.

An Irish Republic of equals is our primary objective, and a vibrant, radical, national youth movement that is supported internationally, will best ensure the achievement of the Republic.

We want to ensure that the economy serves every last one of us, where citizens have the right to a decent job, and democracy in the workplace. Our ideas also prioritise the voices of those on the margins, support the rights of young people, champion access to education and mental health services. Ideas that empower the diversity of our citizens, women, ethnic minorities, the LGBTQI and Traveller communities.